C.E.A.R.T.A

By KNEECAP

On 3CAG

Released on December 15, 2017

259K Views

Thumbnail

[Liricí ó "C.E.A.R.T.A" ag KNEECAP]


[Véarsa 1: Moglaí Bap]

Foc mí, ní fhaca mé na bastairdí

Carr dubh ina bhfolach ar ár mullach is iad taobh istigh

Seans ar bith, go bhfaighidh siad mo mhála MD

Mar tá cóisir ann anocht ‘s níl fáilte roimh an RUC

Is gan dabht, tá mise ar bís

Le dul síos ar an snaois arís ‘s arís

Is ní stopfaidh mé go maidin mar ní socraím síos

'Is fuair mé mála mór ket in ionad mo chíos


[Véarsa 2: Mo Chara]

Níl tú ag focan éisteacht liom níl seo ina focan jóc

Tá mé ag iarraidh a bheidh ag an chóisir leat ag ithe cúpla yokes

Ag déanamh cúpla líne bhán don phúdar mín cóc

Is tiocfaidh deireadh na hoíche ‘s béimid ar fad ag dul don smoke

Ach má rugtar orainn inniú

Is muidinne a bheas thíos leis i bhfaiteadh na súl

Mar tá na muca móra mire sa tóir ar ár meon

Is beidh lucht Maigh gCabraí sa tóir ar mo thóin


[Cúrfa]

C.E.A.R.T.A

Is cuma liom sa foc faoi aon gharda

Dúidín lasta, tá mise ró-ghasta

Ní fheicfidh tú mise i mo sheasamh ró-fhada

C.E.A.R.T.A

Is cuma liom sa foc faoi aon gharda

Dúidín lasta, tá mise ró-ghasta

Ní fheicfidh tú mise i mo sheasamh ró-fhada


[Véarsa 3: Mo Chara]

Dúirt mé leat cheana, seo an chúis le Balaclava

Is féidir siúil ar shiúil, ‘s ní aithneoidh siad tada

Tá ‘gear’ is fearr in iarthar Bhéal Feirste againn le fada

Cóc, speed, e’s agus moll marijuana

Ag teacht isteach go ciúin fríd shléibhte Chonamara

Ag cóisireacht le Tinky Winky agus Seamus Barra

Ní stopaim ón gheimhreadh fríd go dtí an earrach

Díolaim snaois le do Mhamó, do mhac ‘is do chara

A n-íocann as má laethanta saoire ar an bhFál Carrach


[Véarsa 4: Moglaí Bap]

Níl aon chathair nach bhfuil muid ann faoi lathair

Doire, Corcaigh agus fiú amháin D4

Ag scriosadh na háite ar mhaithe le bheith saibhir

Ansin ag déanamh snaois bhán le réaltaí TG4

So goitse anois, agus déanfaimid deifir

Mar tá mise ró-stuama anois faoi láthair

Agus beidh muid ag dul go maidin le Rónán Mac An Rí

‘cause’ foc na riallacha atá ag RTÉ


[Cúrfa]

C.E.A.R.T.A

Is cuma liom sa foc faoi aon gharda

Dúidín lasta, tá mise ró-ghasta

Ní fheicfidh tú mise i mo sheasamh ró-fhada

C.E.A.R.T.A

Is cuma liom sa foc faoi aon gharda

Dúidín lasta, tá mise ró-ghasta

Ní fheicfidh tú mise i mo sheasamh ró-fhada


[Véarsa 5: Mogalí Bap]

Tógadh Mo Chara agus muid ar an bhealach

Cé gur thug mé smack ceart don gharda salach

Bhí orm rith na bhaile agus dul ina bhfolach

Mar bhí 10 kilo cóc taped ar mo bhrollach

Anois ní sin le rá go raibh mé scanraithe

Sure ní íocaim as an "toll" ar an M50

Agus rachaidh muid ar aghaidh go dtí go bhfuil gach deor críochnaithe

Raithneach dleathach in focan Éire aontaithe


[Idirlinn: Garda]

“Young man we caught you damaging public property

And you are coming to the station so we can talk properly”


[Véarsa 6: Mo Chara]

Tá tú ag labhairt le Kneecap is cuma linn sa tsioc

Bím ar Facebook do mháthair ag wankáil like foc

Ag streachailt do m’anáil mar tá do dheirfiúr fliuch

Ag tabhairt greadadh do d’athair agus mé lom nocht

Mar le tamall anois tá mé as mo mheabhair

Déanfaidh mise a bheag duit agus tú os comhair

Cébí, duine a bhí, mar chuid de do shaol

Brisim achan riail, seachas focan caol le caol


[Cúrfa]

C.E.A.R.T.A

Is cuma liom sa foc faoi aon gharda

Dúidín lasta, tá mise ró-ghasta

Ní fheicfidh tú mise i mo sheasamh ró-fhada

C.E.A.R.T.A

Is cuma liom sa foc faoi aon gharda

Dúidín lasta, tá mise ró-ghasta

Ní fheicfidh tú mise i mo sheasamh ró-fhada


[Cúrfa]

C.E.A.R.T.A

Is cuma liom sa foc faoi aon gharda

Dúidín lasta, tá mise ró-ghasta

Ní fheicfidh tú mise i mo sheasamh ró-fhada

C.E.A.R.T.A

Is cuma liom sa foc faoi aon gharda

Dúidín lasta, tá mise ró-ghasta

Ní fheicfidh tú mise i mo sheasamh ró-fhada