Do Chuid Jeans

By IMLÉ

On Fáilte Isteach

Thumbnail

[Véarsa 1: MC Muipeád]

Labhraíonn tú liom agus tú ag tarraingt ort do chuid jeans

Feiceann mé thú chéad rud nuair a dhúiseann tú

Déanann mé do chuid gruaige a chur trína chéile

Ní imíonn mé garr dhuit nuair atá tú ag cócaireacht


[Cúrfa: MC Muipeád & Róisín Seoighe]

Nuair atá mé réidh sona sách

Feicfidh mé an taon fíor dhuine lách

Os mo chomhair amach

Le lonnar an ghrá


[Véarsa 2: MC Muipeád]

Go borb bhéic mé ort agus shiúl mé amach

Le sudar fúm, tháinig mé ar ais ag gabháil brón leat

Ní féidir liom cuimhneachtáil ar tharla seo riamh

Chomh sásta le coileán a raoineann chuile shórt


[Cúrfa: MC Muipeád & Róisín Seoighe]

Nuair atá mé réidh sona sách suáilceach

Feicfidh mé an taon fíor dhuine lách

Os mo chomhair amach

Le loinnir an ghrá

Ghrá


[Bridge: Róisín Seoighe]

Mar ar scáth a cheile a mhaireann daoine

Gan Creideamh i ngrá go dtí go chonaic mé tusa

An fáilte is deise an slán is dearca, is níl aon saol gan tusa faoi bhun na spéire

Is bláth é an saol agus is mil e grá, gach noiméad a féidir liom gach aon lá. Ag smaoineamh ortsa mo shaol i líne amháin

Is ní theastaíonn na rudaí a d'fhéadfadh siad a rá

An glow seo orm, ó dubh go gealgorm chomh is fada is atá an saol, ceol agus torann beidh

Tusa mar an t-aon duine ar bharr m'intinn mar gur lastar ár gcairdeas ina grá ina dhiadh sin

Gan smaoineamh, caoineamh ag beir ar an faoiseamh

Piocfaidh mise tusa agus piocfaidh tusa mise

Ach b'fhearr dhomsa go hinmheánach a bheith cliste agus gan an saol mór dórcha seo mé a bhriseadh arís


[Cúrfa: MC Muipeád & Róisín Seoighe]

Nuair atá mé réidh sona sách

Feicfidh mé an taon fíor dhuine lách

Os mo chomhair amach suáilceach

Le loinnir an ghrá


[Bridge: MC Muipeád]

Oh Croch do chroí dote agus ardaigh do cheann

Is féidir theacht as rud ar bith agus cinnte beidh linn

Tá mé an-bhuíoch don mhéid a d'fhoghlaim mé uait

Tá mé sásta anois greadadh ceart a thabhairt duit


[Cúrfa: MC Muipeád & Róisín Seoighe]

Nuair atá mé réidh sona sách

Feicfidh mé an taon fíor dhuine lách

Os mo chomhair amach

Le loinnir an ghrá

Oh ghrá