Fáilte Don Éan

By Anuna

On Revelation

Released on June 26, 2015

Thumbnail

Fáilte don éan is binne ar chraoibh

Labhras ar caoin na dtor le gréin;

Domsa is fada tuirse an tsaoil

Nach bhfeiceann í le teacht an fhéir

Cluinim, cé nach bhfeicim a gné

Seinnm an éan darb ainm cuach;

Amharc uirthi i mbarra géag

Mo thuirse ghéar nach mise fuair

Gach neach dá bhfeiceann cruth an éin

Amharc Éireann deas is tuaidh

Blátha na dtulca ar gach taoibh

Dóibh is aoibhinn bheith dá lua

Mo thuirse nach bhfuaireas bua ar m’amharc d’fháil

Go bhfeicim ar uaigneas uaisle an duilliúir ag fás!

Cuid de mo ghruaim – ní ghluaisim chun cruinnithe le cách

Ar amharc na gcuach ar bhruach na coille go sámh